-
Cúrsaí
Cúrsaí
Tá roghnú cúrsa léinn ar cheann de na cinntí is tábhachtaí dá ndéanfaidh tú choíche! Féach na cúrsaí atá againn anseo agus an méid a deir mic léinn agus léachtóirí faoi na cúrsaí sin a bhfuil spéis agatsa iontu.
-
Saol na hOllscoile
Saol na hOllscoile
Chuile bhliain roghnaíonn os cionn 4,000 duine Ollscoil na Gaillimhe mar chéad rogha. Faigh amach faoin saol in Ollscoil na Gaillimhe anseo.
-
Eolas Fúinn
Eolas faoi Ollscoil na Gaillimhe
Bí ar an eolas faoin Ollscoil seo agus na fáthanna a bhfuil sí chomh speisialta sin – an stair thar a bheith spéisiúil a bhaineann leis an Ollscoil agus an nuacht is déanaí agus na hócáidí atá ar na bacáin.
-
Coláistí & Scoileanna
- Scoil na Tíreolaíochta, na Seandálaíochta agus Léann Éireannaigh
- Coláiste an Ghnó, an Bheartais Phoiblí & an Dlí
- Coláiste an Leighis, an Altranais & na nEolaíochtaí Sláinte
- Coláiste na hEolaíochta agus na hInnealtóireachta
- Scoil na dTeangacha, na Litríochtaí agus na gCultúr
- Roinn na Gaeilge
- An tAcadamh
- Stair
- Idirnáisiúnta
Coláistí & Scoileanna
Tá aitheantas idirnáisiúnta bainte amach ag Ollscoil na Gaillimhe mar ollscoil atá á treorú ag an taighde agus rún daingean aici teagasc den chéad scoth a chur ar fáil i réimsí éagsúla saineolais.
-
Taighde
Nithe Fónta á gCruthú as Smaointe Úra
Tugann ár dtaighdeoirí aghaidh ar chuid de na dúshláin is práinní san 21ú Céad.
-
Gnó & Tionscal
Tacaíocht do Thaighde Úrnua in Ollscoil na Gaillimhe
Déanaimid deiseanna tráchtála a chuardach agus a chothú don phobal taighde in Ollscoil na Gaillimhe, mar aon le comhpháirtíocht tionsclaíochta a chothú.
-
Alumni, Cairde & Lucht Tacaíochta
Alumni, Cairde & Lucht Tacaíochta
Tá os cionn 90,000 céimí de chuid Ollscoil na Gaillimhe ann ar fud an domhain. Déan nasc linn agus beidh teacht agat ar an gcomhphobal sin ar líne.
-
Rannpháirtíocht Pobail
Rannpháirtíocht sa Phobal
In Ollscoil na Gaillimhe, creidimid go n-éireoidh níos fearr leat más féidir leat an méid a fhoghlaimíonn tú a chur i bhfeidhm i do shaol féin. Is mar gheall air sin go bhfuil béim mhór ar shocrúcháin oibre nó ar thionscadail phobail i gcuid mhór dár gcúrsaí.
Cúrsa Rochtana ar an Ardoideachas - Mic Léinn Lánfhásta
Key Facts
23
bliain d'aois nó níos sine
€
Measúnú ar ioncam teaghlaigh
1
bhliain i do chónaí i réigiún BMW
Céard é an Cúrsa Rochtana?
Is cúrsa lánaimseartha bliana é an Cúrsa Rochtana a thugann an deis do mhic léinn lánfhásta (23 bliain d’aois nó níos sine an bhliain a chuireann siad tús le cúrsa céime) iad féin a ullmhú, go pearsanta agus go hacadúil, do chúrsa fochéime lánaimseartha trí bliana ar a laghad in Ollscoil na Gaillimhe.
- Faigheann mic léinn a chríochnaíonn an Cúrsa Rochtana Dioplóma sa Bhonnstaidéar ó Ollscoil na Gaillimhe.
- Tá siad incháilithe freisin chun iarratas a dhéanamh ar iontráil dhíreach (tríd an CAO) ar chúrsaí fochéime Ollscoile lánaimseartha.
- Léigh an treoir do Chlár Bonnstaidéir Rochtana 2023.
Ionad:
Cuirtear ár gcláir ar fáil i dtrí ionad:
- Gaillimh (An Campas, Ollscoil na Gaillimhe)
- Tuaim
- An Cheathrú Rua (Clár For-rochtana dátheangach)
Lean na céimeanna seo a leanas le hiarratas a dhéanamh:
1. Bailigh an t-eolas a bheidh uait e.g. uimhir PSP, uimhir CAO (más cuí), ainmneacha agus sonraí teagmhála 3 mholtóirí (beirt mholtóirí acadúla agus moltóir pearsanta amháin)
2. Beidh deis agat do chuid cáipéisí airgeadais a chur ar aghaidh tar éis duit an fhoirm iarratais a chomhlánú.
3. Seiceáil do bhosca rphoist chun admháil ar d'iarratas a fháil agus lean an t-eolas a thugtar chun do chuid cáipéisí breise a chur isteach.
Comhlánaigh an Fhoirm Iarratais ar Líne anseo
Is é an spriocdháta d’iarratais an 15 Meán Fómhair 2023
Is féidir d'iarratas a chomhlánú trí Ghaeilge ach Gaeilge a roghnú mar theanga ar an bhfoirm.
Má tá aon cheist agat, déan teagmháil le hOifig na gClár Rochtana ar rphost access@universityofgalway.ie
Caroline Giles | DLÍ (BCL)
Is mé an chéad duine i mo theaghlach a d’fhreastail ar an ollscoil agus táim sa bhliain dheireanach den chéim sa Dlí Sibhialta in Ollscoil na Gaillimhe faoi láthair agus súil agam leanúint ar aghaidh agus máistreacht a dhéanamh an bhliain seo chugainn. Molaim an tIonad Rochtana go mór agus creidim go láidir nach mbeinn san áit a bhfuilim inniu gan é. Is acmhainn thar a bheith luachmhar é dóibh siúd nár éirigh leo an bealach oideachais traidisiúnta a thabhairt orthu féin.
Tendai Muzunze | Baitsiléir Tráchtála (Eispéireas Domhanda)
Is mac léinn ar an gcúrsa Tráchtála Domhanda mé faoi láthair agus a bhuíochas don oideachas atá á fháil agam anseo in Ollscoil na Gaillimhe, cá bhfios cé na hiontais atá ag fanacht liom tar éis dom mo chéim a bhaint amach...d'fhás mé aníos ag breathnú ar mo mháthair, a d’oibrigh trí phost chun bia a chur ar an mbord. Nuair a fuair sí bás, chaill mé mo bhealach sa saol ach ní dhearna mé dearmad ar an méid a dúirt sí liom go raibh chuile rud agam atá ag teastáil uaim chun rudaí iontacha a bhaint amach. Faoi dheireadh thug mé aird ar a comhairle agus chuir mé isteach ar an gclár ROCHTANA in Ollscoil na Gaillimhe - d’athraigh sé mo shaol go mór.
Jo Hatfield | Máistreacht (Fealsúnacht)
Gan an cúrsa rochtana, bheadh an chéad bhliain den BA i bhfad níos deacra agus bheadh níos mó struis orm ná mar a bhí. Leag an rochtain seo bunús láidir le teacht isteach ar shaol na hollscoile, ó bheith eolach ar an gcaoi a gcuirtear léachtaí i láthair go dtí na rudaí simplí ar nós hallaí léachta a aimsiú. Bhí an chéad bhliain i bhfad níos éasca le déileáil leis mar chuir mé eolas ar na scileanna acadúla a bhí agam agus chuir sé in iúl dom nár theip orm ó thaobh na foghlama de.